Shocair sé imeacht go hAlbain. B’as Árainn Mór a mháthair agus bhí cara léi, Cathal Ó Domhnaill, ina cheann urra ar na hoibreacha nó ar na squads a bhí ag gabháil go hAlbain san am ag toghadh phreátaí. Scríobh Seán chuige agus rinneadh socruithe do le himeacht nuair a bhí sé 14 bliana d’aois. Díoladh a phasáiste do. Thug a mhuintir 10 scilling do.
Chuaigh scaifte acu ar an “Swilly” bus ón Fhál Carrach go Doire. Chuir sé iontas iontach sna tithe móra a bhí le feiceáil i nDoire. Fuair siad an bád ó Dhoire go Glaschú. Cur síos ar an bhád, bhí sí garbh go leor. Tugadh ar leoraí mhór go Girvan, Ayrshire iad go campa. Leaba cocháin agus dhá bhlaincéad a bhí aige. Cur síos ar an lá sin a shroich sé thall agus an t-am a chaith sé ann. Thosaigh sé ag obair ar an leath i ndiaidh an dó ar maidin mar go raibh na préataí le himeacht go Glaschú don 7 a chlog ar mhaidin.
Cur síos ar an obair a rinne sé. Bhí obair chrua ann.
Chuaigh sé go Girvan ar an bhus don Aifreann De Domhnaigh.
Pá £2 sa tseachtain a bhí aige agus bhí bean an tí le díol as sin. Bhí sé ábalta airgead a shábháil.
Fad: 00:20:42 Éist
Ag gabháil ar ais an darna agus an tríú bliain go Albain, ag fuáil malaí dona préataí agus ag lódáil na leoraithe a bhí sé.
Bhí oíche gharbh aige Nollaig amháin agus é ag teacht anall na bhaile ar an bhád. Bhí fear amháin a thit thar an taobh. Bhí an t-uisce isteach ar an bhád fosta. Mhionnaigh sé an oíche sin nach rachadh sé ar an bhád sin arís. Ina dhiaidh sin chuaigh sé bealach Bhéal Feirste.
Bhí amanna maithe acu chomh maith le droch amanna.
Fad: 00:09:18 Éist
Bhí sé anonn agus anall go hAlbain ar feadh na blianta. Chaith sé seal ansin ag obair ina an Clyde Tunnel. Bhí timpiste ansin aige. Bhí sé tamall san ospidéal i nGlaschú. Ina dhiaidh sin bhí sé ag tiomáint busanna i nGlaschú go dtí 1964. Pósadh ansin é.
Fad: 00:01:36 Éist
Bhog sé go Glaschú ag obair seal.
Bhí sé sa bhaile tamall agus chuaigh sé ar ais go Fife, suas go bhfeicfeadh sé Jimmy. Mar a tharla sé Nollaig amháin gur bhuail sé féin i gcuideachta Jimmy i dteach an phobail don Aifreann mar nach raibh cór ar bith ag an tsagart.
Nuair a phill sé na bhaile i ndiaidh tamaill, bhí an bosca leis agus choinnigh sé ag buaileadh tamall go dtí gur bhfuair Jimmy bás.
Fad: 00:18:03 Éist
Cailleadh uncail de Sheán sa chéad chogadh. Chuaigh sé anonn go hAlbain le cois cuid mhór eile san am le oibriú ar na feirmeacha, “Foxfalls” ab ainm don fheirm a bhí uncail Sheáin air, Jimmy a bhí air. Tógadh Jimmy i gcuideachta triúr eile as Árainn Mór as na botaí a bhí siad ina gcodladh ann oíche amháin agus cuireadh isteach in airm na Sasanach iad le cois cuid mhór Éireannaigh eile, bhí coinscríobh i bhfeidhm san am, cuireadh anonn na Fraince iad. Gortaíodh Jimmy nuair a bhí an cogadh beagnach a bheith thart, D-Day, agus cuireadh isteach in otharlann in Portsmouth é. Cuireadh ó sin go Dún Éadan é agus bhí sé ina chónaí i mbaile (retired home) do shaighdiúirí gortaithe. I ndiaidh roinnt ama, tháinig sé na bhaile agus bhí cónaí air i dteach beag ceann tuí. Bhí cúpla deirfiúr aige a fuair bás tobann, bhí beirt deartháir aige fosta atá curtha i mBaile an Teampaill. Bhí am crua ag Jimmy, bhí tromluithe aige faoin am a chaith sé sa chogadh. D’fhan sé sa bhaile cúpla mí san am sin agus in 1946, shocair Jimmy imeacht anonn arís. Fuair sé bás i nDún Éadan in 1947. Fuair Seán agus a theaghlach scéala óna garda ar dtús go raibh sé marbh agus ansin cuireadh teileagram go oifig an phoist ar an Fhál Carrach le socruithe an tórraimh a dhéanamh. Ní bhfuair Seán agus an teaghlach an scéala go raibh sé ro-mhall agus cuireadh Jimmy thall in uaigh bhochtán, “pauper’s grave”.
Rinne Seán iarracht fáil amach c’áit atá Jimmy curtha nó bhí sé ar intinn aige é a thabhairt na bhaile ach níor éirigh leis ariamh é a fháil.
Fad: 00:27:53 Éist
Droichead na nDeor. An áit ar bhealach na Mucaise agus is anseo a scaradh daoine agus iad ag dul ar imirce. Philleadh an chuid eile den teaghlach as sin ar ais arís agus d’imíodh na daoine ag cuardach oibre ar an Lagán ná in Albain agus srl. Tá leac anois san áit sin i gcuimhneachán na ndaoine a d’imigh, cuid acu nár phill ariamh.
Fad: 00:05:55 Éist